Irish Language

Ag úsaid an Ghaeilge sna húdaráis phoiblí

Ceapadh Pól Deeds mar an chéad Coimisinéir Gaeilge i dTuaisceart Éireann i mí Dheireadh Fómhair 2025 faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022. Suíonn sé síos le Ciaran Ó Braonáin chun úsáid na Gaeilge sna húdaráis poiblí, na deiseanna ag éirí ón reachtaíocht, agus a ról i gcothú an athmhuintearas a phlé.

Thosaigh Pól Deeds ag obair mar an Coimisinéir Gaeilge i mí na Samhna 2025. Mairfidh a thréimhse oifige cúig bliana. Roimhe seo, d’oibrigh sé mar phríomhfheidhmeanach An Droichead, eagraíocht Ghaeilge i ndeisceart Béal Feirste agus mar leas-phríomhfheidhmeanach Foras na Gaeilge, comhlacht trasteorann atá freagrach chun Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann.

Faoin Acht, tugadh aitheantas oifigiúil don Ghaeilge. Chomh maith leis sin, rinne sé foráil ar bhunaíocht Oifig an Choimisinéara Gaeilge agus ceapadh an coimisinéir. Is é príomhaidhm an coimisinéir ná chun úsáid na Gaeilge sna húdaráis phoiblí a chosaint agus a fheabhsú nuair a chuirtear seirbhisí ar fáil don phobail nó sciar den phobail.

“Táim ann chun aitheantas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge sa saol poiblí agus chun a éileamh ar na húdaráis phoiblí seirbhisí níos fearr ar thaobh na Gaeilge de a chur ar fáil do úsáideoirí sa tsochaí,” arsa Deeds.

Déanann an tAcht foráil ar fhorbairt caighdeáin dea-chleachtas ar son úsáid na Gaeilge sna húdaráis poiblí. Déanfaidh Oifig an Choimisinéara Teanga forbairt ar na gcaighdeáin seo. Bheadh sé riachtanach do na húdaráis phoiblí dea-cuí a thabhairt ar na gcaighdeáin nuair atá siad foilsithe. Tar éis foilsiú na caighdeáin, beidh ar Deeds iad a chur chun cinn agus monatóireacht leanúnach a dhéanamh orthu.

Tá Deeds agus a fhoireann ag déanamh taighde faoi láthair ag tacú le forbairt na caighdeáin. Rachaidh siad faoi chomhairliúcháin nuair atá an taighde déanta. Roimh a fhoilsíodh na caighdeáin, caithfidh siad a bheith ceadaithe ag an Chéad Aire, Michelle O’Neill MLA, agus an leas-Chéad Aire, Emma Little-Pengelly MLA. Tá sé mar mhian ag Deeds chun na caighdeáin a chur os a gcomhair roimh deireadh 2026.

Má foilsíodh na caighdeáin, beidh nós imeachta gearrán le hullmhú ag an oifig. Má mhothaíonn duine ón bpobal gur theip ar údarás phoiblí dea-cuí a thabhairt ar na gcaighdeáin, beidh siad in ann gearrán a dhéanamh chuig Oifig an Choimisinéara Teanga agus beidh ar an gcoimisinéir an ghearrán sin a fhiosrú.

“Táim ann chun aitheantas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge sa saol poiblí agus chun a éileamh ar na húdaráis phoiblí seirbhisí níos fearr ar thaobh na Gaeilge de a chur ar fáil do úsáideoirí sa tsochaí.”

Mar aon leis sin, aithníonn an tAcht bealaí eile a thugtar aitheantas oifigiúil don Ghaeilge trí ghealltanas Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann chun straitéis d’fhorbairt na Gailege a ghlacadh, trí obair Foras na Gaeilge, agus trí sholáthar a bhaineann leis an Ghaeloideachas san áireamh.

“Chomh maith leis na dualgais reachtúla atá agam, ba mhaith liom cuir le chur chun cinn an athmhuintearas agus chur chun cinn na síochána,” arsa Deeds.

Deir Deeds go bhfuil seans aige chun cinntiú “go mbeidh todhcaí níos gile ag na glúinte atá ag teacht” i gcomhoibriú le Katy Radford, stiúrthóir an Oifig um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúrtha, agus Lee Reynolds, an Coimisinéir Albanach Ultach.

“Agus muid ag déanamh ár gcuid oibre, caithfidh muidne a bheith airdeallach ar na bpíosaí sin den Acht a labhraíonn faoi athmhuintearas, síochán, agus meas a léiriú do dhaoine; gur féidir le daoine a bhféiniúlacht a roghnú, a fhorbairt, agus a cheiliúradh.”

Ceachtanna ó dlínsí eile

I mí Feabhra 2026, bhuail Deeds agus a fhoireann leis an gcoimisinéir Ghaeilge ó Dheas agus an coimisinéir Bhreatanais. Deir Deeds go raibh aithne aige ar an slí a oibríonn rudaí ó thaobh na Gaeilge de sa Deisceart óna thaithí le Foras na Gaeilge, ach chonaic sé córas “iomlán úr” sa Bhreatain Bheag.

“Aithnítear luach na mionteanga áitiúil ar fud na háite sa saol poiblí. Ba léir go raibh meas ag gach duine sna heagraíochtaí ar a dteanga,” arsa Deeds.

Deir sé go raibh seo soléir in Ollscoil Caerdydd go háirithe, ina bhfuil tacaíocht tugtha do na mic léinn le Breatnais agus ina bhfuil siad spreagtha ó cheannasaíócht na hollscoile chun a gcuid Breatnais a úsáid. Chomh maith leis sin, bhí Breatnais le feiceáil i ngach áit ar chomarthaí dhá-theangach.

“Ba mhisneach ollmhór é sin dom agus do m’fhoireann a tháinig liom,” arsa Deeds.

Maíonn Deeds go bhfuil feiceálacht mionteanga mar bhunchloch in a gcosaint agus go mbeidh feiceálacht na Gaeilge lárnach sna gcaighdeáin.

Chuaigh ionadaithe ó Ollscoil Uladh agus ó Ollscoil na Banríona ar an turas leis. Deir Deeds go bhfuil cúrsaí dhá-theangacha á phlé ag an dá ollscoil faoi láthair chun na mionteangacha a chur chun cinn. Tá comhairle do chomharthaí dhá-theangach dréachtaithe ag Deeds don dá ollscoil.

“Is féidir leis an nGaeilge a bheith lárnach i do shaol agus is féidir leat sult a bhaint as labhairt agus foghlaim na Gaeilge.”

“Beidh mé ag iarraidh é sin a phlé leis an dá ollscoil agus beidh mé á thabhairt dóibh go luath chun comharthaí dhá-theangach a cur chun cinn ar a gcampais,” arsa Deeds.

‘Deachracht pholaitiúil’

Léiríonn Deeds “cúpla fadhb” leis an reachtaíocht, easpa forála ar cearta teanga san áireamh. Chomh maith leis sin, deir Deeds go bhfuil “deachracht pholaitiúil” bainteach leis na gcaighdeáin a bheith aontaithe idir an gCéad Aire agus an leas-Chéad Aire.

Deir Deeds gurb an naimhdeas polaitiúil i dtaca leis an nGaeilge ná an dúshlán is mó os a chomhair. Maíonn sé go bhfuil daoine sa saol polaitiúil atá “ag obair go gníomhach in aghaidh m’oifig, in aghaidh chur chun cinn na Gaeilge”. Deir Deeds nach gcuidíonn polaitíocht na teanga leis an sochaí agus “spreagann sé daoine le bheith nimhneach don teanga”.

“Tá na daoine seo glórach agus tugtar ardán dóibh ar aon dochar. Sin an dúshlán is mó atá romhaim mar coimisinéir,” arsa Deeds. “Ní dhéanfaidh siad dochar don obair fhéin, ní dóigh liom, mar tá sin sonraithe sa dlí. Tá na húdaráis phoiblí réidh, measaim, chun glacadh le mo chuid comhairle.

“Ach déanfaidh na hionsaithe sin dochar do na hiarrachtaí eile a táim ag iarraidh a dhéanamh: chun an saol a dhéanamh níos síochánta anseo, agus chun athmhuintearas a chur chun cinn.

“Má tá bealach ar bith gur féidir linn bogadh amach as an réimse polaitiúil sin leis an teanga, ba mhaith liom sin a dhéanamh.”

Measann Deeds go gcuireann na gnéithe seo teorainn ar an méad is féidir a bhaint amach mar coimisinéir. Áfach, deir sé: “Táim sásta leis na dualgais atá agam agus leis na cumhachtaí atá agam go mbeidh mé in ann an Ghaeilge a chur in áit i bhfad níos fearr ná atá sé anois sa réimse poiblí.”

‘Tréimhse corraitheach’

Ag déanamh cur síos ar staid reatha na Gaeilge, deir Deeds gur “tréimhse corraitheach” í agus gur “gné stairiúil don timpeallacht sin” é bunaíocht a oifig.

Tá go leor aithrithe ag tarlú sa tsochaí i dtaca leis an nGaeilge le feiceáil, tógáil na comharthaí sráide dhá-theangach san áireamh. Síleann Deeds go bhfuil sciar den phobal “imníoch faoin todhcaí” de bharr na aithrithe seo, agus maíonn sé go bhfuil sé ag iarraidh a bheith “mothálach do na daoine sin ar fad” sa ról.

Ní hé sin an taon athrú. Tá déimeagrafach an phobal Gaeilge ag athrú freisin. Roimhe seo, deir Deeds go raibh an Ghaeilge nascaithe leis an bhféiniúlacht náisiúnach, ach go bhfuil cuid mhór aontachtóirí ag foghlaim an teanga ar na saolta seo.

Tá Deeds ag tagairt go háirithe leis na daoine ag foghlaim an teanga i dtionschamh Ghaeilge Turas ar Bhóthair Baile Nua na hArda in Oirthear Bhéal Feirste, ceantar dílseach. Deir sé: “Más féidir leo é sin a sháramh, sílim go bhfuil níos mó daoine in ann an fhadhb sin a réiteach agus a shárú.”

“Má chreideann tú gur duine atá céad faoin gcéad Éireannach thú, nó céad faoin gcéad Briotanach, nó áit éigin sa lár, is féidir leis an nGaeilge a bheith lárnach i do shaol agus is féidir leat sult a bhaint as labhairt agus foghlaim na Gaeilge,” arsa Deeds.

Ag críochnú, deir Deeds: “Má oibríonn na polaiteoirí linn, is féidir linn aithrithe móra a dhéanamh sa saol poiblí anseo a aithnóidh, don chéad uair, luach na Gaeilge, a athnóidh don chéad uair féiniúlachta pobal na Gaeilge, agus a chruthóidh spás neodrach d’fheiceáileacht na Gaeilge, agus tá sin ríthábhachtach.”

Show More
Back to top button
marsbahis